Monday, April 20, 2009

C's na Maidine

Go hiondúil, bíonn comhrá agam leis an nGarraíodóir ar maidin sa leaba. Faoin am a dhúisíonn sé, bíonn go leor smaointeoireachta déanta agam féin agus, nuair a dhúisigh sé inné, d’iarr mé air ‘What ‘C’ am I thinking of?’. Gan fiú anáil a tharraingt dúirt sé, ‘Ciara, computer, cat. Tá an fear sin iontach cliste, ach ní raibh an ceart aige an geábh seo.

Mar aon le mo dheirfiúracha uile, bíonn bean na gruaige rua inár smaointe go síoraí; an chéad smaoineamh ar maidin agus an smaoineamh deireanach san oíche sula ndúnann ár súile ar iontais agus uafáis an domhain. Ní aon iontas sin. Maidir le ‘c’ an ríomhaire, bíonn ábhar scríbhneoireachta na maidine pléite go maith ag mo chloigeann le mo chroí faoin am a dhúisíonn an fear le mo thaobh. Agus ní féidir gan ainmhí an fhionnaidh dhuibh, Sióg mo chat, a bheith i mo smaointe mar go mbíonn sé ag glaoch orm ón gcistin chomh luath agus a chloiseann sé anáil na dúiseachta uaim.

Ach, nuair a bhíonn na C’s uile sin pléite ag mo chloigeann, sé C an chaife an smaoineamh a bhíonn ag rith trí mo chuislí agus é ag cuardach na caiféine. Tá turas na caiféine ar bun anois láithreach agus is gearr go mbeidh mé in ann soiléireacht a chur leis an smaointeoireacht luath sin.

‘What ‘C’ am I thinking of?’ a dúirt sé féin ansin. Sin scéal eile.

3 comments:

  1. Tá mé féin gafa ag an chaifé, a Áine. Marbh ag caifé, agus marbh gan é.

    ReplyDelete
  2. This comment has been removed by the author.

    ReplyDelete
  3. Mar a fheiceann tú, ón leaththráchtaireacht sin uaim thuas, a Sheáin, bhrú mé an cnaipe mícheart agus chuir mé tráchtaireacht in áit nár chóir tráchtaireacht a chur.

    Tuilleadh caife, agus tuilleadh léamh ar Leabhar na nÓinseach agus na nAmadán de dhíth is cosúil...

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.