Saturday, May 30, 2009

An Nasc Sin Eadrainn

Déanaim iarracht rud beag a scríobh gach lá, go hiondúil ar maidin, sé sin le rá nuair a thugann Sióg cead dom. Is minic é, mar a bhí ar maidin, ina shuí ar an ríomhaire glúine mar a bheadh sé ag rá “Is ormsa ba chóir d’aird a bheith dírithe”. Nuair nach dtugaim aird air, déanann sé iarracht mo mhéara a bhaint de na heochracha. Éiríonn leis sin a dhéanamh go minic. Mar is eol daoibh, a léitheoirí cliste, is láidre i bhfad cúig chrúb bhioracha ag scríobadh ná deich méar ag clóscríobh.

Ní bhím díomhaoin, mar sin féin, mar tosaím ag léamh Leabhar na nAmadán agus na nÓinseach, nó léim, mar a rinne mé ar maidin, an t-eolas sin a fhaighim ón nasc sin eadrainn, Deartháir Mór. Táim fós ag foghlaim, an dtuigeann tú. Ón leabhar, agus ón nasc sin. Ar aon nós, táim ag teacht i dtaithí orthu. Ar maidin, ó tharla go raibh na crúba ag troid le mo mhéara arís, chuaigh mé ag útamáil le Deartháir Mór.

Is suimiúil an t-eolas atá le fáil ann. Insítear dom, sa Summary, go dtagann, ar an meán gach lá, ochtar go rialta ar cuairt ar mo bhlag, agus deichniúr eile, as an nua, ar a sála. De thimpiste a thagann cuid acu, na daoine nua sin. Ní hé go n-insíonn D.M. dom gur de thimpiste a thagann siad, ach is léir ón eolas atá le fáil in Recent Keyword Activity gur mar sin a bhíonn.

Mar shampla, déanann líon mór daoine googláil ar na focail ‘Córas Creidiúnaithe D’Aistritheoirí’ agus, cé nach mise a bhíonn siad a chuardach, tá alt den teideal sin agam ar mo bhlag agus téann daoine isteach ann ag ceapadh go bhfuil baint éigin aige le treoracha do scrúdú Fhoras na Gaeilge, is dócha. Ní fhanann siad i bhfad. Aiféala orm faoi sin, a Fhorais.

Léitear, ar an meán, 57 leathanach ar an mblag gach lá, ach ní mar an gcéanna an scéal aon lá. Dé Luain seo caite, tháinig 22 duine ar cuairt chugam, an t-ochtar rialta sin agus 14 léitheoir nua ina gcuideachta, agus léigh siad 88 leathanach eatarthu. Ná fiafraigh díom cén chaoi ar féidir le D.M. na leathanaigh sin a chomhaireamh ach tá bealaí aige nach bhfuilimse ar an eolas fúthu. Ní bleachtaire mé, a deirim. Ach táim fiosrach, a deir tú.

Má bhreathnaím ar an Recent Visitor Map, tá na balúin dhearga le feiceáil ar fud na cruinne, an chuid is mó acu in Éirinn. Fáilte romhaibh uile!

Ó thosaigh mé ag bladaireacht ar an mblag, nó ag bleachtaireacht más fearr leat an téarma sin, tá 2,065 de mo leathanaigh léite agaibh. Go raibh maith agaibh! Insíonn Popular Pages dom gur fearr libh ‘Cailleach na Comhairle’ agus ‘Sióg sa Teach’ seachas aon scéal eile go dtí seo. Insíonn Came From dom go dtagann go leor agaibh ó bhlaganna eile chugam, mo bhuíochas ag dul chuig na blagálaithe sin a choinníonn m’ainm ar a mblaganna, agus a chuireann daoine eile ar an eolas fúm. Maith sibh, a chomhbhlagálaithe!

De réir an eolais atá le fáil in Exit Link, fágann formhór agaibh mo bhlag tar éis mo phróifíl a léamh, nó téann sibh anonn go dtí Con in iGaeilge, ach tá go leor agaibh ag fágáil tar éis ábhar i ‘Cuidiú nó Cruinneas uait’ a léamh, na naisc eolais sin atá ar an imeall agam ar mo bhlag. Is maith liom go dtarlaíonn sé sin. Is foghlaimeoirí muid uile, agus is maith an rud an t-eolas a roinnt eadrainn.

Ach ní insíonn D.M dom cé sibh féin, cé go n-insíonn sé dom cé chomh minic agus a thagann sibh ar ais, nó insíonn sé dom más é an chéad uair é agat ar mo bhlag. Cén mhaitheas atá ann domsa? Táim ag foghlaim, agus ag roinnt eolais leo siúd atá chomh haineolach liom féin. Ní dochar an t-aineolaí a chur ar an eolas faoin eolaí.
.

5 comments:

  1. Cén DM atá i gceist agat, a Áine?

    ReplyDelete
  2. i.s.

    Céard faoi "Bráthair Mór" mar aistriúchán an téarma a chum George Orwell?

    ReplyDelete
  3. Sé an 'tracker' atá i gceist agam, a Dennis.

    Ní bhíonn a fhios agam riamh cé as a dtagann na focail chugam, nó cén fáth a dtagann focal amháin seachas focal eile ach, sa chás seo. Deartháir a tháinig.

    An bhfuil an clár teilifíse Big Brother agaibh in Seattle?

    ReplyDelete
  4. Cén tracker go díreach? Tá a fhios agam go bhfuil ceann darb ainm StatCounter ann, ach is dócha go bhfuil níos mó ann freisin.

    Níl a fhios agam an bhfuil an clár teilifíse sin ar fáil anseo. Tá teilifíseán againn, ach ní bhainimid úsáid as ach le haghaidh DVDs.

    ReplyDelete
  5. Sé an StatCounter atá agam mar 'tracker'. Táim ag foghlaim liom maidir leis na háiseanna seo uile. Iontach spéisiúil ar fad.

    Nuair a thosaigh mé, níor thug mé faoi deara go raibh mé ag logáil mo 'visits' féin chomh maith leis na cuairteanna ó léitheoirí eile, ach tá stop curtha agam leis sin anois le 'Create blocking Cookie'.

    Go leor le foghlaim agam fós, a chara!

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.