Saturday, May 23, 2009

Rás

Téim ag siúl chuile mhaidin, ceithre mhíle nó mar sin, má fhéadaim é ar chor ar bith. Táim á dhéanamh sin le blianta fada. An chéad rud a dhéanaim nuair a éirím as an leaba ar maidin ná go mbreathnaím amach tríd an bhfuinneog go bhfeice mé cén sórt aimsir atá amuigh romham. Is annamh a bhíonn an aimsir chomh dona sin nach féidir liom bóthar a bhualadh, ach bíonn laethanta ann nuair a bhíonn an nádúr achrannach callánach agus ní bhíonn fonn orm dul i ngleic Léi.

Tá meas agam ar an nádúr, agus más rud go mbíonn réabadh de shaghas ar bith ag dul ar aghaidh taobh amuigh de m’fhuinneog, is fearr liom sábháilteacht mo thí. Ach, tá muileann coise agam amuigh sa gharáiste, suite os comhair na fuinneoige ann; an abhainn, trí shúil an droichid, agus na crainn mo bheannú óna suíomh féin, mise a mbeannú agus mé faoi fhoscadh an dín. Bíonn doras an gharáiste oscailte go hiomlán agam, aer úr ag líonadh mo scamhóga, ag cur ruaige ar mharbhnéal na moiche.

Le bliain nó dhó, thug mé faoi deara go bhfuil na coiscéimeanna ag éirí níos troime, cosúil le mo mheáchan féin, faraor. Ar ndóigh, tá baint aige sin le m’aois, mé ag siúl liom in Achadh an Athraithe, féirín beag a bhíonn roimh mhná m’aoise agus is féirín é nach féidir a thabhairt ar ais, faraor eile.

Le déanaí, thosaigh mé ag baint sodair as na cosa meánaoiseacha seo agam. Cibé réabadh atá ar bun ag an nádúr taobh amuigh, tá mise ag dul i ngleic leis an réabadh nádúrtha atá ag dul ar aghaidh i mo cholainn féin. Tá an rás á rith, mise agus an nádúr in iomaíocht lena chéile. Tá a fhios agam go maith Cé ag a mbeidh an bua. Tá Ollmháthair na Cruinne i bhfad níos láidre ná mise, agus is maith atá a fhios agam é. Ach, is bean spórtúil mise. Fáiltím roimh an iomaíocht agus bainfidh mé sult Aisti, cibé an toradh.
.

No comments:

Post a Comment

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.