Tuesday, August 4, 2009

An Dáileadh 's An Dealú

Tá beirt fhear ina suí ag an teorainn idir An Áit Béarla agus An Áit Gaeilge; duine acu ar thaobh amháin den teorainn, an duine eile ar an taobh eile den teorainn.

Tusa An Feighlí. Feighlí na Gaeilge. Tá airgead i do sparán agat le roinnt amach, ach tá coinníollacha ag baint leis an airgead sin. Ní féidir leat é a roinnt ach ar an duine atá ina chónaí ar do thaobhsa den teorainn. Agus tá tusa ar thaobh na hÁite Gaeilge.

Tá duine na hÁite Gaeilge breá ábalta Gaeilge a labhairt, agus tabharfaidh tú deontais go fial dó mar gheall air sin. Tá duine na hÁite Béarla breá ábalta Gaeilge a labhairt freisin. Ní labhraítear ach Gaeilge ina theach, go deimhin. Ach, níl a theach ar An Áit Gaeilge. Ní bhaineann sé leat. Pingin ní bhfaighidh sé. Tá a theach ar an taobh mícheart den teorainn.

Labhraíonn clann na hÁite Béarla an Ghaeilge, go rialta agus go hiondúil. Ní bhfaighidh siad scoláireacht uait. Labhraíonn an scoláire ón Áit Gaeilge an Ghaeilge, go rialta agus go hiondúil freisin. Íocfaidh tusa scoláireachtaí leosan amháin. Tá cearta acusan. Cearta na hÁite Gaeilge. Níl na cearta céanna ag Gaeilgeoirí na hÁite Béarla. Tá siad lonnaithe ar an taobh mícheart den teorainn.

Tabharfaidh tú deontais do dhuine na hÁite Gaeilge, lena theach a dheisiú, ó tharla é lonnaithe ansin. Tá teach ag mo dhuine eile ar An Áit Béarla, agus ní bhfaighidh sé pingin rua uait lena theach lán le Gaeilge a dheisiú. Thóg sé a theach ar an taobh mícheart den teorainn.

Tabharfaidh tú airgead do pháistí na hÁite Gaeilge mar go labhraíonn siad a dteanga, an Ghaeilge. Tá an teanga chéanna á labhairt ag teaghlach na hÁite Béarla, í ag maireachtáil ar fhéiniúlacht agus ar mheas, gan do thacaíocht. Nós ón sean-am. Mhair an teanga mar sin riamh ar An Áit Béarla. Ní bhaineann sí leat. Tá sí ag maireachtáil ar an taobh mícheart den teorainn.
.

7 comments:

  1. Faraor nach mise an Feighlí, a Mhise Áine. Tá an Feighlí san Áit Béarla. Tugtar an Bord Snip air aka an Roinn Airgeadais. Níl aon Ghaeilge aige. Faoi láthair tá sé ag iarraidh airgead a choinneáil ó lucht labhartha na Gaeilge, cuma cén taobh ar a bhfuil siad. An mbeidh Gaeilgeoirí an dá thaobh in ann teacht le chéile agus cur ina choinne? Tá an tAiríoch Ó Cuív ag iarraidh go mbeadh; tá an Cathaoirleach Ó Cuinneagáin in amhras.

    ReplyDelete
  2. Chun na fírinne a rá, bíonn deontais ar fáil ar an taobh Gaelach den teorainn fiú nach mbíonn Gaeilge á labhairt agat. Chuala mé le déanaí faoi teaghlach amháin lasmuigh de Cluain Droichead i gContae Chorcaí. Is cosúil nach bhfuil focal Gaeilge le chloisteáil sa tigh ach, mar sin féin, tá deontas faighte acu. Ní dóigh liom gur cás neamghnách é seo agus níl sé sin i gceart.

    ReplyDelete
  3. Agus nach maith a thuigim sin, a Dave.

    A Chailliomachais, ní maith liom go bhfuil 'an dá thaobh' ann ar chor ar bith! Is fearr i bhfad an saol gan deighilt, gan idirdhealú, i mo thuairimse.

    ReplyDelete
  4. Deontais, deontais, deontais! ("Marsha, Marsha, Marsha!") Tá córas go léir truaillithe. Cá bhfuil an plean nua?

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.