Tuesday, December 1, 2009

Smaointe ag Rith

Níl an aimsir ar fónamh ar maidin. Ar laethanta mar seo, tosaíonn mo mhéara ag rith ar an méarchlár, iad sásta é sin a dhéanamh a fhad is atá mo chosa ag fanacht le briseadh san aimsir, briseadh a thabharfadh deis dom aer úr an gheimhridh a tharraingt isteach i mo scamhóga, agus láidreacht a chothú i mo cholainn ghonta.

Cibé scéal é, ní bheadh na méara in ann rith murach na smaointe a bhíonn ag rith leo. Ar maidin, tá mé ag smaoineamh ar na daoine bochta sin atá gan dídean, nó atá gan dídean a dtithe féin, de thoradh na dtuilte sin atá fud fad na tíre seo i láthair na huaire. Bhí mé ag éisteacht le cuid den chlár ‘Frontline’ aréir agus, más buan mo thuiscint, dar le feirmeoirí ar an gclár, tá bealach amach as an bpráinn, amach anseo, ach an láib abhann a ísliú.

Anois, nílim eolach ar an ábhar seo, ach d’airigh mé, bíodh mé ceart nó mícheart, go bhfuil locht na moille ar an rialtas, iontas na n-iontas, mar go bhfuil comhairlí éagsúla ar an eolas faoin bhfadhb, ach nach féidir tabhairt faoin obair mar go bhfuil constaicí, anseo agus ansiúd, a bhaineann le caomhnú na timpeallachta.

Mar a dúirt mé, a léitheoirí, níor chuala mé ach cuid den chlár, agus b’fhéidir nach bhfuil an scéal agam ina iomláine, ach más rud go bhfuil caomhnú na timpeallachta ag fáil tús áite ar shlí bheatha laethúil na gnáthmhuintire, más rud go bhfuil ball ar bith den rialtas ag cur moille ar obair a chuirfeadh stop leis an gcrá croí millteanach seo atá ag titim amach ar fud na tíre, bhuel, ní dóigh liom go bhfuil sé sin ceart. Agus is duine mór caomhnú na timpeallachta mise.
.

4 comments:

  1. Tá ceist an chaomhnaithe níos casta ná mar a cheaptar. Is minic go ndeántar ionannú idir "ná leag lámh air" agus "caomhnú".

    Ach, de bharr gur mhúnlaigh lámh an duine an timpeallacht san Eoraip, caithfear é sin a chuir san áireamh. Bíonn cothabháil i gceist i gcónaí.

    Sampla mhaith is ea an Boireann - tá an taobh tíre úd amhlaidh, i measc rudaí eile, de bharr beithígh a bheith ag innilt, agus mar sin ag cur srian ar chrainn agus sceacha - rud a fhágann spás do shaindúlra na Boirne.

    De réir mo thuiscint, is amhlaidh cuid mhóir i gcás na hAibhneacha. Nílim iomlán cinnte arbh ar an Stáit an milleán ar fad. Tagann an láib as áit éigin!

    ReplyDelete
  2. Tagann cinnte, a chara, agus tuigim é sin.

    Mar sin féin, tá an láib ag bailiú le breis is 80 bliain, bhí na comhairlí éagsúla ar an eolas faoi, agus ní dhearna aon duine a dhath in am.

    Tá sé deacair an cothromú a dhéanamh, in amanna, idir slí bheatha agus timpeallacht, ach ba chóir go mbeadh an rialtas i.e. na comhairlí éagsúla, agus na feirmeoirí, abair, ag obair le chéile, le réiteach na faidhbe a fháil.

    Tá an saol ag athrú ar go leor bealaí, agus caithfear athrú leis - le chéile, más féidir ar chor ar bith!

    ReplyDelete
  3. Tá cheist bainistiú uisce ar an tSionann i gceist anseo.Tá an iomarca áisineachtaí stáit leis an curam seo, Bórd Solathar an Leictreachas san áireamh.Sa chlár Frontline luaitear an Erne sa Tuaisceart mar oll-abhann nách briseann thar a mbruachanna mar tá bainistiú cheart a dheanamh air.Bhí an t-uisce ag ardú san Lee agus sa tSionann ón droch samhradh ar aghaidh i.e ó mhí Lúnasa ach cosúil leis an Rialtas agus na bainc bhí BSL ina chodladh ar an jab agus níor scaoil siad an uisce ón damba go dtí go raibh sé ró-dheanach. Scaoil siad an uisce ó damba Inís Cara ag leath taréis a h-aon san oíche agus bádh an cathair, a leithéad dé seafóid.Dúradh le linn an chlár oíche aréir go raibh cothabháil níos fearr a dheanamh ar an tSionann in aimsir na Sasanach, Rialtas ón triú domhan do tír ón gcéad domhan.

    ReplyDelete
  4. Sin é go díreach, a John M. Bainistiú ceart an rud atá ag teastáil - in am!

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.