Tuesday, March 30, 2010

An Bosca Folamh

Ar fhaitíos go bhfuil aon léitheoir amuigh ansin nach dtuigeann na difríochtaí inchinne atá ann idir fir agus mná, is fiú go mór súil a chaitheamh ar an bhfíseán seo le Mark Gungor ó YouTube; más rud go bhfuil cúig nóiméad le spáráil agat, agus gan a dhath eile le déanamh agat, ar ndóigh.

Rólán atá na boscaí i mo chloigeannsa, caithfear a admháil…
.

4 comments:

  1. An bosca folamh, ainm eile ar Zen? Dá mbeadh sé chomh simplí sin dáiríre, bheadh gach fear ina roshi.
    ;-)

    ReplyDelete
  2. Cuireann sé sin ráiteas eile i gcuimhne dom, ráiteas a chuala mé ó bhéal chuairteora, sa teach seo, an tseachtain seo caite, agus tá súil le cibé Cé agam/agat nach diamhasla de shaghas ar bith atá ann – deacair a rá na laethanta seo! – ach roinnfidh mé é, mar sin féin, ó tharla boscaí folmha, ahem, faoi chaibidil againn: ‘If most men thought there were really that many virgins waiting for them in the next world, there would be very few men left in this one!’.

    ReplyDelete
  3. Míthuiscint atá ann. Ní virgins atá ag fanacht linn ach sturgeons. (Is breá leis an mbosca folamh iascaireacht, tás agat.) Tá sé seo cosúil leis an míthuiscint a chuir celibate in áit celebrate.

    ReplyDelete
  4. Ar ndóigh, a Dennis, tá a fhios agat mo smaointe faoin athscríbhneoireacht a dhéantar ar sheanleabhair - chuile dhuine agus a thuiscint/mhíthuiscint féin acu...:-)

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.