Thursday, May 20, 2010

Cód na gCnaipí

Is iondúil nach mbíonn a fhios agam céard atá ‘cool’ na laethanta seo. Mar sin féin, thug mé faoi deara, agus mé sa phríomhchathair ag an deireadh seachtaine, go bhfuil nós nua tagtha i bhfaisean, agus is iad na buachaillí atá páirteach ann, feictear dom.

Caitheann siad geansaithe v-mhuiníl, rud nach bhfuil neamhghnách, cloisim uait, ach más rud go bhfuil tú ag iarraidh bheith ‘cool’ agus i bhfaisean, agus más rud go bhfuil tú idir 7 agus 13 bliain d’aois, caithfidh an v-mhuiníl ort bheith bán agus, beagán cosúil leis an gceann bán anseo, ach le dath éagsúil ar imeall an mhuiníl, agus dath eile, nach ionann agus dath an mhuiníl, ar imeall na muinchillí. An bhfuil bhur dtuiscint liom fós, a léitheoirí?

Maith sibh! Anois, ‘sé mo thuiscint go mbíonn, ag na buachaillí óga atá ‘with it’, mar a déarfá, go mbíonn dhá chnaipe ar a ngeansaí, ach le bheith iontach cool ar fad, is fearr trí chnaipe a bheith ar an ngeansaí, an dtuigeann sibh. Tá na nithe seo iontach tábhachtach. Níl idir an ‘cool’ agus an ‘iontach cool’ ach cnaipe amháin, deirtear liom.

Go deimhin, tá buachaillí móra ann, agus níl siad ‘with it’ in amanna, shílfeá. B'fhéidir nach dtuigeann siad cód na gcnaipí...
.

No comments:

Post a Comment

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.