Friday, May 21, 2010

How Big is Your Bunker?

Tharla sé go raibh mé ag éisteacht le Colm agus Lucy ar 2fm ar maidin. Ní hionann a gclár agus an clár a bhíodh ag Gerry Ryan, ar ndóigh, ach bíonn na páipéir á gcíoradh acu anois is arís, agus éistim leo ag tús an chláir, go bhfeice mé an bhfuil a dhath suimiúil le roinnt acu liom.

Bhí an choimhlint sin idir an dá Chóiré faoi chaibidil acu ar maidin, agus thosaigh Colm agus Lucy ag plé na ceiste ‘who would you have in your bunker?', dá mbeadh dúnáras faoi thalamh agat, an dtuigeann tú, agus dá mbeadh daoine ag brú cnaipí núicléacha, mar shampla. Bheadh dídean uait, is dócha, go dtí go maolódh an chontúirt.

Cibé scéal é, bhí liosta ollmhór ag Lucy de na daoine ar mhaith léi bheith sa bhuncar léi, agus bhí ar Cholm í a stopadh faoi dheireadh, agus d’fhiafraigh sé di, ‘How big is your bunker?' Cibé faoi ‘bunker’ Lucy, a léitheoirí, is é an smaoineamh a rith liom féin ar maidin, cé a bheadh liom féin i mo dhúnáras faoi thalamh, dá mbeadh orm seachtain nó dhó a chaitheamh ann, agus dá mbeadh sé mór go maith, an dtuigeann sibh?

An Garraíodóir an chéad duine a rith liom agus, cé nach san ord seo thíos a rith na hainmneacha eile liom ag an am, ag teacht go tiubh ar a shála bhí Nelson Mandela, Ryan Tubridy, Beyonce, Kevin Myers, Ruth Dudley Edwards, An Dómhnallach, Bean an tSléibhe, blagálaí nó dhó, Mary Robinson, Brendan O’Connor, Máirtín Tom Sheáinín, Obama, Bush nó dhó, Delores Keane, Daithí Ó Sé, Páidí Ó Lionáird, Hector Ó hEochagáin, Dana, Tommie Tiernan, Hilary Clinton, Dara Ó Briain, duine mór le rá as gach eaglais ar domhan, duine mór le rá as gach carthanacht ar domhan, Marion Finucane, Sarah Palin, Éamon Ó Cuív, Tom Selleck (yum-yum), Roy Keane, Shane Ross, Mary O’Rourke, Ellen de Generes, Eamon Dunphy, David Norris, Regina Uí Chollatáin, Daniel O’Donnell, Teresa Ferris, Martin McGuinness, Vincent Browne… comhrac, cairdeas, coimhlint, comhrá, comhréiteach, cantal, caoineadh, ceol, agus craic ar dóigh!

Ceapaim.

Cé atá ar iarraidh, nó cé a bhainfeá féin de mo liosta, a léitheoir, dá mbeadh do dhúnáras faoi thalamh féin agat?
.

5 comments:

  1. Déarfainn go mbeadh seans níos fearr agat teacht slán dá dtabharfá aghaidh ar an bhuama núicléach!

    Tá Hillary, ach níl Bill agat. Do bharúil, an réiteodh sé go maith le Sarah Palin?

    ReplyDelete
  2. @ 'Déarfainn go mbeadh seans níos fearr agat teacht slán dá dtabharfá aghaidh ar an bhuama núicléach!'

    Sin an smaoineamh a rith liom féin, agus mé ag breathnú ar mo liosta arís, a Phroinsias!

    Maidir le Sarah agus Bill, tá a gclú féin ag an mbeirt acu, mar sin ní dóigh liom go réiteodh...:-)

    ReplyDelete
  3. Airc Áine?

    Bheadh sé ina phressure cooker cheart i do bhunker, a Áine.

    N'fheadar an iad lucht cainte is cáinte ab fhearr chun tosú as an nua?

    Is dóigh liom gur teaghlach agus daoine le scileanna bunúsacha, néamhspléach ar theicneolaíochtaí a roghnóinn!

    ReplyDelete
  4. Beidh lucht cainte is cáinte ann, is cuma cá mbeimid, a Aonghuis!

    Ach, neamhspléach ar theicneolaíocht! Go sábhála sinn, ach an bhféadfadh muid maireachtáil gan í ar chor ar bith...:-)

    ReplyDelete
  5. Má tharlaíonn an tubaiste mór, ní bheidh rogha againn. Rud íogair is ea ár sibhialtacht, agus is beag duine againn a bheadh cumasach maireachtáil gan teicneolaíocht nach bhfuil smacht againn air.

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.