Tuesday, May 4, 2010

Pionós Corportha

Níl sé i bhfad ó shin ó bhí a leithéidí seo inghlactha, ach tá a fhios againn anois nach bhfuil sé ceart a leithéid a dhéanamh, nach bhfuil?

Más rud go gcreideann muid nach bhfuil sé ceart bean a bhualadh, an féidir glacadh leis go mbeadh sé ceart go leor páiste a bhualadh, b’fhéidir ‘a bit of a slap’ a thabhairt do pháiste, nó ‘smitín’ a thabhairt dó, mar a thug Bernie Ní Fhlatharta air ina halt ar leathanach 13 de Ghaelscéal na seachtaine seo caite, ‘Ar cheart do Chomhphobal Eorpach cosc a chur ar phionós corportha?’

Dar le Bernie, ‘Níl mise ar son gasúir a ionsaí go rialta ach níl a fhios agam céard atá mícheart le cúpla smitín a thabhairt más gá.’ Agus, is léir go bhfuil síciatraí ann a cheapann go bhfuil gá le smitín, b’fhéidir, ‘particularly if it is to keep the child safe. If a child is going to put his hand in the fire, a slap can stop him being burned.’

Agus, an smitín a bhí i gceist ag Amanda Brunker, ar chlár Ireland AM ar TV3, nuair a dúirt sí, faoin mbualadh a thug sí dá beirt mhac, duine acu ceithre bliana d’aois, an leaid is óige dhá bhliain d’aois, ‘I have smacked them hard enough to leave a visible mark…I don’t do it often but at least I am honest. People try to be too PC.”

Cén uair a bhíonn ‘’ le ‘smitín'? An bhfuil a leithéid de rud ann agus ‘smack’ atá 'PC'? An bhfuil sé ceadaithe slat a úsáid, nó flip flop a úsáid, nó lámh a úsáid? An bhfuil ‘visible mark’ ceadaithe? Cá bhfuil an teorainn?

Lámha suas anois…
.

6 comments:

  1. Níl sé ceart riamh aon duine a bhualadh, Is trua liom máthair a admhaíonn nach raibh aon bealach eile aici uaireanta meas a gcuid páistí a thuilleamh ach le flip flop.

    ReplyDelete
  2. Ní dóigh liom go bhfuil buille riamh inghlactha. Ach ní dóigh liom go bhfuil gach buille a thugann tuiste, a bhfuil foighne caillte acu, coiriúil. Mar sin, sílim má tá dlí le bheith ann, go gcaithfidh an teorainn é sin a chuir san áireamh. Agus a bheith faichilleach gan ding a chuir idir paistí agus tuistí, gan chúis trom.

    Is daoine tuistí chomh maith!

    ReplyDelete
  3. B'fhéidir go gcuirfeadh an 'buille' ding idir an pháiste agus an tuismitheoir...

    ReplyDelete
  4. B'fhéidir go gcuirfeadh, gan amhras. Ach is féidir le dlí ró dhocht deacrachtaí a chothú, go háirithe i gcúrsaí teaghlaigh.

    Cuimhnigh nach mbeidh finnéithe neamhspleácha ann i gcás mar seo; an bhfuil muid chun gasúir a spreagadh le bheith ina spiaraí? Gan trácht ar an mí úsáid a d'fheadfaí baint as dlí mar sin agus achrann eile ann - idir na tuismitheoirí, abair.

    Ní thig leis an dlí coiriúil gach rud atá mí cheart a chosc.

    ReplyDelete
  5. Tuigim, a Aonghuis, ach bíonn aon achrann idir thuismitheoirí crua ar pháistí, é míle uair níos measa má bhíonn buillí nó bulaíocht mar chuid den achrann sin.

    Nuair a leagann duine lámh smachta ar pháiste, nó ar pháirtí, nó ar strainséir, agus nuair a bhíonn pian chorpartha ann de thoradh an bhuille sin, is cuma cé hé nó hí an duine ar leis nó léi an lámh a tharraing an buille, aontaím le Néidí, agus ní dóigh liom go bhfuil sé sin ceart.

    Maidir le cuid de dhlíthe na tíre seo, a chara, cloisim grág asail go minic…

    ReplyDelete
  6. Mar a dúirt mé, níl buille riamh ceart. Ach ní gá go mbeadh gach rud mí cheart coiriúl.

    Táim i bhfábhar dlí a dhéanann sin soiléir, ach a sheachnaíonn iarmhairtí nach rabhthas ag iarraidh. B'fhéidir dlí a deir go bhfuil buillí mí cheart, ach a leagann síos teorainn níos leithne roimh ionchúiseamh.

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.