Tuesday, June 22, 2010

LGBT agus Cearta Daonna

Bhí áthas orm inné nuair a chuala mé gur éirigh, faoi dheireadh, le Lydia Foy aitheantas dlíthiúil mar bhean a fháil sa tír seo. Bhí sé thar am. Tá sí ag fanacht leis an gcinneadh sin le trí bliana déag, an bhean bhocht.

Is iomaí uair a bhí fonn uirthi éirigh as a dianiarrachtaí ach, dar léi, ‘the prize of legal recognition and the responsibility of fighting for rights of the transgender community kept her focused.’ Nár laga a Cé í, agus go gcuire rialtas na tíre seo reachtaíocht i bhfeidhm, go luath, a thabharfaidh deis dí a cearta daonna a chomhlíonadh, agus a hainm a fheiceáil, mar bhean, ar a teastas breithe, mar is cóir.

Is fearr go mall ná go brách, a deirtear, agus feicim go bhfuil An Bille Um Páirtnéireacht Shibhialta ag bogadh céim eile ar aghaidh, mar is cóir. Mar sin féin, tá lucht na heaglaise sa tír seo fós ag labhairt amach ina choinne.

Tá siad breá sásta, shílfeá, a ladar a chur in obair an rialtais, mar a rinne siad go minic cheana, iad ag impí anois ar bhaill an Oireachtais ‘to allow for greater recognition of the proper autonomy of churches and the right to social and civil freedom in religious matters.’ An bhfuil cearta daonna baill an LGB sa tír seo luaite acu sa méid sin, meas tú?

Labhraíonn siad ar ‘social order’ agus ar ‘the right of individuals to the free exercise of conscience’ amhail is dá mba i bhfocail an ‘Gospel’ amháin atá an ‘moral order’ le fáil. Tá sé feicthe againn, thar na blianta, cén toradh a bhíonn le focail na leabhair éagsúla sin, agus ní dóigh liom go raibh ‘free exercise of conscience’ ceadaithe do chuile dhuine, a léitheoirí. Agus an gá trácht a dhéanamh ar ‘moral order’ na tíre seo thar na blianta, am a mbíodh ár ‘morals’ faoi chúram agus greim docht na heaglaise?

Tá cearta lucht an LGBT i mBostún á gcosaint le 40 bliain anuas, ach fós, dar le Arline Isaacson, ceannaire an Massachusetts Gay and Lesbian Political Caucus, ‘we are not quite there yet.’ Má éisteann tú leis an mbean a ghlaoigh isteach ag deireadh an chláir seo ar Radio Boston an tseachtain seo caite, cheapfá nach leor fiú 40 bliain le cearta daonna baill an LGBT a mhúnlú in aigne daoine le ‘morals’ dá gcuid féin acu.

Ar an gclár céanna sin, labhair mo dheartháir, Pierce, fear atá ag obair ar mhaithe le cearta an LGBT i mBostún ó 2003, agus atá ina bhall de bhord stiúrtha an Boston Pride. Dar leis, ‘there is so much to do…there is so much going on around the world…we have to keep working on it…’. Is léir, ón méid atá fós á rá ag an eaglais anseo, gur ionann an scéal sa tír seo.

Go n-éirí linn cearta phobal an LGBT a chosaint agus a thabhairt chun cinn, thall agus abhus.
.

No comments:

Post a Comment

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.