Wednesday, June 23, 2010

Nithe Luain

Tharla sé go raibh cara liom ag fanacht linn i gCeann Scríbe le déanaí. Sular tháinig sí, bhí a fhios agam go raibh carr nua ceannaithe aici roinnt míonna roimhe, agus bhí a fhios agam gur carr seacht suíochán a bhí sa charr nua sin.

Cé nach bhfuil a fhios agam mórán faoi charranna, táim in ann carr mór a aithint thar charr beag, agus bhí a fhios agam nach carr seacht suíochán a bhí páirceáilte aici os comhair an tí ar theacht di.

My new car is in the garage...’ ar sí, ‘…it would appear I bought a Monday Car.’

Anois, daoibhse atá chomh haineolach ar nithe Luanta is atáimse, rinne mé taighde ar ár son, agus chuaigh mé chun cainte le daoine saolacha, le fáil amach an raibh siadsan ar an eolas faoina leithéidí.

Bhuel, deirtear liom, go gcuirtear an focal ‘Monday’ roimh an rud sin a cheannaítear as an nua, agus nach n-oibríonn i gceart ó chéad lá a úsáide.

For example..’, arsa bean shaolach amháin liom, ‘…you could buy a Monday Washing Machine, and it will always give you bother.’

‘Sé mo thuiscint, bíodh mé ceart nó mícheart, go bhféadfadh sé nach mbíonn lucht déanta na ‘ Monday Washing Machines’ nó na ‘Monday Cars’, ar fónamh ar an Luan, mar a déarfá; go bhféadfaidís bheith rud beag tuirseach nó, ahem, tinn b’fhéidir, tar éis ragairne an deireadh seachtaine, agus nach mbeadh a gcuid oibre ar an Luan thar mholadh beirte, dá thoradh sin.

Sin agaibh é anois é, a léitheoirí. Gur fada uaibh na Nithe Luain!
.

5 comments:

  1. Lol. Tá "Carr Luain" agam féin, cé nach raibh fhios agam go dtí seo. Ceist agam ort, a Áine. An é Ceann Scríbe ainm do thí? Is álainn í. Bhíomar chun ainm Gaeilge a chur ar ár teach sa mbaile, ach níl Radharc na Reilige chomh deas sin!

    ReplyDelete
  2. ASG faoi Radharc na Reilige! Mar sin féin, is ann a dhéanfá R&R...:-)

    Sea, Ceann Scríbe ainm mo thí, agus go raibh maith agat as do mholadh, a chara.

    ReplyDelete
  3. B'fhéidir go raibh áth gan mhaith acu fadó in Áth Luain!

    ReplyDelete
  4. Sorn Luain agamsa. Oibríonn sé. Ansin cliseann sé. Bhí mé i dteach freisin agus na daoine ar leo é dúirt siad gur 'Radharc na Reilige' an t-ainm a bhí air. Ach ní fhaca mé an t-ainm in airde acu in aon áit.

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.