Sunday, August 22, 2010

Nuala Nic Con Iomaire

Casadh Nuala orm ag Oireachtas na Samhna i Leitir Ceanainn anuraidh. Bhí a fear uasal, Pádraic, tar éis é féin a chur in aithne dom, ó tharla é léite aige, ar mo bhlag, go mbeinn ann.

Bhíomar ag fanacht le Nuala, aghaidh againn beirt i dtreo an dorais, le go mbeadh muid in ann í a fheiceáil ag teacht.

‘Coiscéimeanna éadroma
ag foluain go réidh,
gan gá le deifir ar an té
nach bhfuil ceangailte ag am.’

Agus í ag siúl inár dtreo, chonaic mé a ‘gile’, agus bhí a fhios agam, ar an bpointe, go raibh duine álainn ag teacht i mo chuideachta. Beagnach bliain is an t-am seo a thit an radharc sin ar mo shúile, agus tá sé fós soiléir ar shúile m’aigne; a háilleacht saolta spioradálta fós liom.

‘Síocháin ag siúl
faoi ghile na n-aingeal,
solas an tséada
ag lonrú ‘is ag leathadh
a gathanna grá
ar an gcuideachta.’

Inár suí le chéile ag comhrá, labhraíomar ar nithe an tsaoil, amhail is go raibh aithne shaoil againn ar a chéile cheana. Agus nithe sin an tsaoil á gcur trí chéile againn, thug mé faoi deara go gclaonadh Nuala a cloigeann rud beag, sula labhródh sí ar ábhar; a súile ar thóir eolais, shílfeá, eolas saolta agus spioradálta a fuair sí áit éigin taobh amuigh, nó taobh istigh, di féin, sular dhúirt sí focal.

‘Tuiscint an todhchaí
á lorg sa spás
os comhair a súile
ar thóir freagra ón bhFaisnéis
sular roinn sí rann.’

Ansin, nuair a labhair sí, chuala mé, agus chonaic mé, na focail uaithi. Bhí a lámha ag labhairt liom, freisin, iad ag bogadh lena briathra, mar a bheadh ealaíontóir ag obair ar chanbhás comhrá, mar a bheadh ceoltóir ag seinm samhlaoidí lena méara.

‘Briathra a béil
á gcuimilt go ciúin
ó bhos go bos,
í ag fuineadh focal
le mothúcháin a méar.’

Chuaigh Nuala i bhfeidhm go mór orm, agus d’airigh mé ceangal léi nach féidir liom a mhíniú, mar nach bhfuil focail ann lena leithéid a mhíniú.

Criadóir an cheoil,
múnlóir na n-íomhánna,
chuala mé do dhán
ag seinm i do shamhlaoidí,
a Nuala.

Ar m’fhilleadh abhaile dom go Bun Cranncha an oíche sin, scríobh mé an dán thuas, Oireachtas, i gcuimhne ar an am sin léi.

Mí ó shin, léigh mé an dán ag sochraid Nuala i séipéal Leitir Móir. Ní raibh sí ach 42 bliain d’aois. Beidh a ‘gile’ liom ar feadh mo shaoil.

*********************

Is i mBaile Átha Cliath a tógadh Nuala. Liam agus Bairbre a hathair agus a máthair, le deirfiúr amháin aici, Máirín, agus ceathrar deartháireacha, Máirtín, Colm, Ruairí, agus Darach.

Rinne sí Gaeilge agus Fraincis mar ábhair bhunchéime in UCD agus, tar éis di iarchéim a bhaint amach sa Fhraincis, chaith sí seal ag obair sa Bhruiséil.

Ar fhilleadh di go hÉirinn i 1995, chuaigh sí ag teagasc le Fiontar. Thosaigh sí ag obair, mar chigire le Fraincis agus Gaeilge, leis an Roinn Oideachais i 1998.

Idir 2002 agus 2007, ghlac sí sos gairme, agus chuaigh sí i mbun togra ealaíne leis An Béal Binn i mBré. Scríobh, agus chóirigh, sí drámaí don stáitse agus don raidió, agus bhí sí mar eagarthóir ar an dá eagrán den iris Blaiseadh, iris a d’fhoilsigh Coiscéim.

Sheinn sí an veidhlín, agus b’ealaíontóir í. Bhí cónaí uirthi ar an gCeathrú Rua lena fear, Pádraic, agus lena n-iníon, Iseult.

Faoi chúram Oispís na Gaillimhe, fuair sí bás go suaimhneach sa bhaile ar an gCeathrú Rua ar an 16 Iúil 2010.

Suaimhneas síoraí dá hanam álainn.
.

6 comments:

  1. Álainn ar fad.

    Músclaíonn sé cuimhní dom; bhí, mar a dúrt cheana, baint agam lena ré sa Bhéal Binn, sular scar ár gcosáin.

    Shíl mé go raibh sí tagtha ón ailse; baineadh geit asam nuair a chuala mé nuacht a báis.

    Leaba i measc naomh na nGael go raibh aici.

    ReplyDelete
  2. Go raibh maith agat, a chara.

    Thaitin sí go mór liom, a Aonghuis. Ní dhéanfaidh mé dearmad uirthi go brách...

    ReplyDelete
  3. Go ndéana Dia trócaire ar a hanam.

    Dán fíor-aoibhinn.

    ReplyDelete
  4. Go raibh maith agat, a Mhíshásta.

    Is minic a labhair mé léi tar éis Oireachtas na Samhna, agus chuir sí go mór le saibhreas mo shaoil, gach uair ar labhair mé léi.

    Airím gur beannacht saoil a fuair mé, an chéad uair ar casadh Pádraic agus Nuala orm.

    ReplyDelete
  5. iontach deas,
    ba dhuine ar leith í Nuala

    ar dheis Dé go raibh a hanam

    Elaine Ní Bhraonáin, NYC

    ReplyDelete
  6. Go raibh maith agat, a Elaine.

    Duine ar leith a bhí inti, cinnte.

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.