Monday, October 18, 2010

Nathanna Cainte

Táim gnóthach an tseachtain seo. Céard atá á dhéanamh agam?

Hmmm…

Ceist mhaith. Déanaim é cúpla uair sa bhliain, díreach in am don samhradh, agus díreach in am don gheimhreadh.

I láthair na huaire, is iad éadaí an tsamhraidh atá á gcur san áiléar agam, agus tá éadaí an gheimhridh á dtabhairt anuas as agam. A mhalairt a tharlaíonn i Mí Aibreáin, ar ndóigh, le héadaí an gheimhridh ag dul suas, agus éadaí an tsamhraidh ag teacht anuas.

An bhfuilim ag stóráil éadaí, nó á gcur i dtaisce, meas tú?

Dar le dictionary.com, is ionann ‘storing’ agus ‘to accumulate or put away, for future use..’ nó ‘to deposit in a storehouse, warehouse, or other place for keeping,’ Dar leo, is ionann ‘hoarding’ agus ‘to accumulate for preservation, future use, etc., in a hidden or carefully guarded place…

Ní dóigh liom go bhfuil áiléar s’againne ‘carefully guarded’, ach tá ‘preservation’ agus ‘future use’ i gceist leis na héadaí atá, agus a bhíonn, i dtaisce ann, nó stóráilte ann, nó fiú ar stór ann.

Maidir le stóráil na n-éadaí, níl dabht ar bith ach go bhfuilim ag ‘acummulate’áil agus ag ‘putting away’áil san áiléar; na héadaí ann ‘for keeping’, mar a déarfá, le haghaidh ‘future use.’

Mar sin, a léitheoirí, an bhfuilim ag taisceadh, nó ag stóráil, nó an ionann é rud a chur i dtaisce agus é a stóráil? An bhfuil m'éadaí i dtaisce agam, nó ar stór agam?

*************************************
McCionnaith, lch. 615:

‘Ní ṫáinig cruinniṫeoir riaṁ ná tiocfaḋ scaipiġṫeoir ‘n-a ḋiaḋ.’
‘An rud cruinniġtear go boċt scaipṫear go holc.’
‘An rud do cruinniġeaḋ go cráiḋte ġá scaipeaḋ le gaoiṫ’

O’Neill Lane, lch. 784:

'Hoard': ‘the tight hand will get a wide scattering' – 'ġeaḃaiḋ an cruinniuġaḋ cuṁang sgabaḋ fairsing’

'Hoarder': ‘the hoarders’s hare in the spendthrift’s hands' – 'cuid an taisgeóra ag an ċaiṫteóir.’

Dinneen, lch. 1129 agus 1163:

I make store of, hoard, store up’ – ‘ cuirim i stór’

‘i dtaisce’ – ‘stored, put by’

‘cuirim i dtaisce’ – ‘I store, deposit’

De Bhaldraithe, lch. 340 agus 711:

'Hoard': 'Taiscím, cuirim i dtaisce, cnuasaím'

'Hoarder': 'Cnuastóir, coigleálaí'

'To store sth. up': rud a chruinniú, a chnuasach'

'Cuirim (troscán, etc.) ar stór, i gcoimeád; stórálaim, taiscim.'

Ó Dónaill, lch.1170 agus 1196:

'Rud a chur ar stór' - 'to store sth.'

'Tá sé i dtaisce in áit éigin' - 'It is put away somewhere.'
.

17 comments:

  1. Bíonn siad i dtaisce agamsa,

    Cé hiad McCionnaith is Lane?

    ReplyDelete
  2. @ Cé hiad McCionnaith is Lane?

    Is foclóirí Béarla- Gaeilge iad: McCionnaith 1935, agus O'Neill Lane 1922.

    D'éirigh liom iad a fháil i mbliana - faoi dheireadh!

    ReplyDelete
  3. Ní dóigh liom go bhfuil áiléar s’againne ‘carefully guarded’, ach tá ‘preservation’ agus ‘future use’ i gceist leis na héadaí ...

    Agus fostaigh garda slándála ... :)

    ReplyDelete
  4. @ 'Agus fostaigh garda slándála'

    Tá ceann agam...;-)

    @ 'Á gcur i dtaisce atá tú.'

    Ni dóigh leat gur ionann iad, mar sin, a Dennis, an rud 'ar stór' agus an rud 'i dtaisce'?

    ReplyDelete
  5. Is é an chaoi nár chuir mé rud ar bith “ar stór” riamh. Ní dóigh liom gur coitianta an cor cainte é.

    ReplyDelete
  6. Ar leataobh a chuir tú iad, sílim. Samhlaím rud níos buaine le cur i dtaisce.

    Aontaím le Dennis maidir le "stóráil". Ach táim cinnte go bhfuil nath ann don gcuir i dtaisce tréimhsiúil seo, ach ní ritheann sé liom. (Nílim tíosach go leor chun é dhéanamh go rialta agus go cúramach!)

    ReplyDelete
  7. cur i dtaisce tréimhsiúil

    Iad a chur i bpoll prátaí (clampa)?
    ;-)

    ReplyDelete
  8. Ní hiad, go hiondúil, ná prátaí céanna a chuirtear sa pholl gach uair!

    ReplyDelete
  9. An tuiscint a bhíodh agam féin riamh ar hoarder ná duine a choinneodh chuile ní, nach gcaithfeadh a dhath amach, ar fhaitíos go mbainfí úsáid as arís, am éigin, lá éigin - rud nach mbainfeadh, go minic!

    Ní hionann sin agus an rud a bhí á dhéanamh agamsa an tseachtain seo caite! Cibé scéal é, tá na héadaí i dtaisce/stóráilte anois!

    Poll prátaí?

    ReplyDelete
  10. Nach i bpoll a chuirtí prátaí idir iad a phiocadh agus iad a ithe?

    Sin a bhí i gceist ag Dennis, sílim.

    ReplyDelete
  11. Is saghas taisce sealadach é an poll prátaí. Ach ní raibh mé ach ag magadh. Tá séasúr na mbrístí gairide agus na léinteacha gearrmhuinchilleacha beagnach thart abhus anseo. Ach ní chuirim san íoslalch iad. (Níl áiléar againn.) Tá go leor spáis lena n-aghaidh sna tarraiceáin. Níl a lán éadaí agam.

    ReplyDelete
  12. @ Poll prátaí

    Tuigim anois, a fheara! Cheap mé go raibh blagmhír eadraibh nach raibh léite agam, agus go raibh scéal eile taobh thiar den 'magadh'...:-)

    Táim den tuairim go bhfuil an rud atá i dtaisce coinnithe mar sin le go mbeadh sé ar fáil in am an ghátair, abair, nithe fearacht airgid, chnóanna an iora srl., ach go bhfuil an rud atá stóráilte ar fáil am ar bith.

    Ach, sin mise...:-)

    ReplyDelete
  13. Idirdhealú ciallmhar.

    Ach féach go bhfuil an focal taiscumar againn.

    ReplyDelete
  14. @ taiscumar

    Ní dóigh liom gur ann atá m'éadaí...:-)

    ReplyDelete
  15. @ an rud atá i dtaisce coinnithe mar sin le go mbeadh sé ar fáil in am an ghátair,

    Bíonn rudaí agat i do thaisceadán thar oíche amháin, is taisceadán mór é d'áiléar le haghaidh tréimhse níos faide

    ReplyDelete
  16. Le hiad a choinneáil sábháilte, an ea...:-)

    ReplyDelete

 
Creative Commons License
This work is licensed under a Creative Commons Attribution-Share Alike 3.0 Unported License.